المحتوى المقدم من teicneoir@raidionalife.ie. يتم تحميل جميع محتويات البودكاست بما في ذلك الحلقات والرسومات وأوصاف البودكاست وتقديمها مباشرة بواسطة teicneoir@raidionalife.ie أو شريك منصة البودكاست الخاص بهم. إذا كنت تعتقد أن شخصًا ما يستخدم عملك المحمي بحقوق الطبع والنشر دون إذنك، فيمكنك اتباع العملية الموضحة هنا https://ar.player.fm/legal.
Player FM - تطبيق بودكاست انتقل إلى وضع عدم الاتصال باستخدام تطبيق Player FM !
In our second installment of the Small Business Starter Kit series - we’re tackling a topic that’s sometimes tricky, sometimes confusing, but ever-present: taxes. Hosts Austin and Jannese have an insightful conversation with entrepreneur Isabella Rosal who started 7th Sky Ventures , an exporter and distributor of craft spirits, beer, and wine. Having lived and worked in two different countries and started a company in a heavily-regulated field, Isabella is no stranger to navigating the paperwork-laden and jargon-infused maze of properly understanding taxes for a newly formed small business. Join us as she shares her story and provides valuable insight into how to tackle your business’ taxes - so they don’t tackle you. Learn more about how QuickBooks can help you grow your business: QuickBooks.com See omnystudio.com/listener for privacy information.…
المحتوى المقدم من teicneoir@raidionalife.ie. يتم تحميل جميع محتويات البودكاست بما في ذلك الحلقات والرسومات وأوصاف البودكاست وتقديمها مباشرة بواسطة teicneoir@raidionalife.ie أو شريك منصة البودكاست الخاص بهم. إذا كنت تعتقد أن شخصًا ما يستخدم عملك المحمي بحقوق الطبع والنشر دون إذنك، فيمكنك اتباع العملية الموضحة هنا https://ar.player.fm/legal.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
المحتوى المقدم من teicneoir@raidionalife.ie. يتم تحميل جميع محتويات البودكاست بما في ذلك الحلقات والرسومات وأوصاف البودكاست وتقديمها مباشرة بواسطة teicneoir@raidionalife.ie أو شريك منصة البودكاست الخاص بهم. إذا كنت تعتقد أن شخصًا ما يستخدم عملك المحمي بحقوق الطبع والنشر دون إذنك، فيمكنك اتباع العملية الموضحة هنا https://ar.player.fm/legal.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Ar an gclár seo bhí Áine McGillycuddy agus Dan Cusack linn ò Chicago le labhairt faoina gciorcal comhrá ansin, Gaeilago agus eile. Chomh maith leis sin bhí Dic Breathnach ar ais linn, i Stiúideó Raidió na Life an uair seo, le labhairt linn faoina chuid drámaíochta agus a chruinnuithe le drámadòirì agus aisteoirí agus faoina bhfuil ag éirí leo go dtí seo.…
Ar an gclár seo bhí Molly O'Meara ag labhairt linn faoin bhféile ilchultúrtha Croílár a bheas ar siúl in Áth Luain mí Aibreáin. Chomh maith leis sin bhí Dónal agus Helen ón ngrúpa Preab-Ghaeltacht Bhaile Átha na bhFranc linn le labhairt faoi na himeachtaí iontacha a bheas ar siúl acu do Sheachtain na Gaeilge.…
Ar an gclár seo bhí Nadia Dobrianska ag caint linn faoi thionchar Trump ar chogadh na Rúise ar Úcráin. Chomh maith leis sin bhí an Dr Sorcha de Brún in Ollscoil Luimnigh ag caint linn faoi na soinéid de chuid Shakespeare atá aistrithe go Gaeilge aici mar chuid dá cuid taighde, dánta aistrithe ón nGearmáinis, Mark Twain agus go leor eile.…
Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh agus dlíodóir Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn faoin gcéad mhí d'uachtaránacht Trump sna Stáit Aontaithe - athruithe i ndan don tír, impleachtaí don Phalaistín agus géarchéim reitrice Trump.
Ar an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoin tsraith dánta trítheangacha "Notes from a Workaholic & More" a rinne sí leis an Axis i mBaile Munna. Chomh maith leis sin chualamar ó Dhúbhán Ó Longáin faoin alt a scríobh sé do Nós faoin taisteal agus na deiseanna uile a thug a chumas sa Ghaeilge dó thar na blianta.…
Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin léamh dráma "Grindr, Saghdar agus Cher" a rinne sé sa Bhreatain Bheag trí Bhreatnais le gairid! Chomh maith leis sin b Dic Breathnach ag labhairt linn faoin gCruinniú Drámaíochta a bheidh aige le scríbhneoirí, aisteoirí agus stiúrthòirí in Áras na Gaeilge.…
Ar an gclár seo chualamar ó Cholm Ó Cinnseala as na Forbacha ag labhairt linn faoina chuid ama sa Mheánoirthear agus an litir a scríobh sé chuig ár bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa faoi chás na Palaistíne.Chomh maith leis sin, labhraíomar le Caoimhe Ní Fhanthorpa a bhí ag caint linn faoina saol san Éigipt, an chúis gur bhog sí ann agus na difríochtaí cultúrtha leis an tír.…
Ar an gclár seo chualamar ó Jeffrey Sardina a labhair linn faoi na tinte uafásacha i gCathair na nAingeal i gCalifornia le gairid agus an t-Uachtarán nua Trum ag filleadh ar an Teach Bán. Chomh maith leis sin, bhí Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus Trócaire ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín i láthair na huaire tar éis don sos comharc a bheith fògartha an tseachtain seo caite.…
Ar an gclár seo chualamar ó Aislínn Nic Ruairí a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg! Chomh maith leis sin, d'éisteamar le beagán de cheol fear chéile Aislínn, Páidí Ó Dubháin, ar cheoltóir proifisiúnta é sa Bhruiséil.…
Ar an gclár seo chualamar ó Joe Breathnach faoi Extra G agus an t-alt a scríobh sé faoi Biden agus Trump in agus na pardúin atá á mbronnadh ag Biden agus é ag fágáil oifig an uachtaráin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Ríoghnach Hyland a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg.…
Ar an gclár seo chualamar ó Michael Ó Conchúir ó Chonradh na Gaeilge Aoetearoa sa Nua Shéalainn linn le labhairt faoin bPop Up Gaeltacht a bhí acu an tseachtain seo caite agus go leor eile! Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Chiarán Ó Ceallaigh sa Bhruiséil faoi obair Chonradh na Gaeilge ansin agus faoin gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi lánúin ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa chathair dar teideal La Vie sa Bhruiséil.…
Ar an gclár seo bhí Seán Ó Baoill, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí na hÉireann linn le labhairt faoin gcomhdháil atá á reachtáil ag an gCumann i gcomhpháirtíocht le Cairde Ceardchumann na Pailistíne, ceardchumainn eile agus grúpaí sibhialta eile faoi chearta páistí na Palaistíne mí Eanáir. Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Briana Ní Loinsigh as New Jersey, ina cónaí i Nua Eabhrac anois, faoina turas foghlama teanga leis an nGaeilge and leis an bPolainnis, a blag agus neart eile!…
Ar an gclár seo bhí Rónán Ó Dochartaigh linn ó Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le labhairt linn faoina gcuid oibre ar an tsraith úr acmhainní digiteacha "HEART" www.eduheart.eu dírithe ar oideachasóirí ar spéis seo cúrsaí oidhreachta a thabhairt isteach ina gcuid teagaisc, mar chuid de thionscadal ilchultúrtha comhpháirtíochta a raibh Oideas Gael ar cheann de 5 chomhpháirtí Eorpacha ann. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chiarán Dunbar faoin gcúrsa Ghaeilge na hAlban ar an Oileán Sgitheanach mí Lúnasa, faoina thuras chuig an gComhdháil ar an gCarraig mí Mheán Fómhair agus faoin alt a scríobh sé faoina eispéaras san Irish Independent.…
Ar an gclár seo bhí Alexandra Philbin, mac léinn dochtúireachta i Valencia na Spáinne ag labhairt linn faoi na tuilte timpeall ar an gcathair le gairid agus agóidí na ndaoine in aghaidh an rialtais toisc an easpa rabhaidh a tugadh do dhaoine maidir leo agus an chaoi ar láimhseáladh an tragóid. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chiarán MacGuill ón ngrúpa an Ghaeltacht sur Seine agus é ag caint linn faoin tSamhain-sur-Seine, a bhféile bhliantúil Gaeilge!…
Ar an gclár seo bhí Marion McEvoy ag labhairt linn faoin gceolchoirm "Dublin Says Yes - A Celebration of Migrant Artists" sa Cobblestone i Margadh na Feirme Dé hAoine beag seo! Chomh maith leis sin bhí Seathrún Sardina ag caint linn faoi COP29 san Asarbaiseáin - cé na ceannairí atá i láthair, cad ar a bhfuil sé féin ag coinneáil súile i mbliana mar chuid den phlé agus cad lena bhfuil daoine ag súil ón bplé i mbliana.…
مرحبًا بك في مشغل أف ام!
يقوم برنامج مشغل أف أم بمسح الويب للحصول على بودكاست عالية الجودة لتستمتع بها الآن. إنه أفضل تطبيق بودكاست ويعمل على أجهزة اندرويد والأيفون والويب. قم بالتسجيل لمزامنة الاشتراكات عبر الأجهزة.